Is cineál clódóireachta rilífe é an litirphreas trína gclóitear ó dhromchla ardaithe. Is féidir é a dhátú siar go 1439, nuair a cheap Johannes Gutenberg próiseas trína bhféadfaí litreacha aonair a theilgean i miotal. D’úsáid sé an ‘cló in-aistrithe’ i gceann de na clóphreasanna ba luaithe is eol, meaisín brúite fíonchaora a chuir sé in oiriúint don chlódóireacht. Ba é Bíobla Gutenberg an chéad leabhar a cuireadh i gcló riamh san Eoraip le cló in-aistrithe. Críochnaíodh é i 1456 agus rinneadh 180 cóip de.

Cé go ndearnadh trialacha i mórchuid cultúr roimhe sin, go háirithe sa tSín agus sa Chóiré, ba san Eoraip a bhí an tionchar ba mhó ar chúrsaí sóisialta agus cultúrtha ag an gclódóireacht. Leath aireagán Gutenberg go tapa, agus faoi 1500 bhí os cionn 1000 siopa cló san Eoraip. Meastar go bhfuil an córas priontála a cheap Gutenberg ar cheann de na haireagáin is tábhachtaí ó na meánaoiseanna i leith.

Bhí an chlódóireacht litirphreasa coitianta ar feadh breis is 500 bliain. Ó lár an fichiú haois, áfach, tháinig nua-theicneolaíochtaí ar an bhfód a ghabh áit na dteicnící clódóireachta, ionas nárbh fhiú, ó thaobh na tráchtála de, gabháil don chlódóireacht litirphreasa níos mó.

Le deireanas, chonacthas athbheochan idirnáisiúnta sa litirphreas mar fhoirm cheardaíochta. Cúis amháin leis seo ná coincheap na tuirse digití; tnúthán an duine do bhainteacht na láimhe le cúrsaí dearaidh agus ceardaíochta, agus an dúil a chuirtear sa chiorcal lán – ón gceardaíocht go dtí an teicneolaíocht agus ar ais arís.