Is dearthóir grafach í Maria Zaramella a bhfuil taithí na mblianta aici ar an gclódóireacht litirphreasa, clódóireacht ealaíne agus ceardlanna ealaíne do leanaí. Tá obair neamhspleách déanta i bpáirt aici le mórchuid cuideachtaí agus eagraíochtaí i réimsí éagsúla le blianta fada; anuas ar sin bhí sí ar dhuine den deichniúr dearthóirí ghrafacha a bhunaigh Cultural Association Officina Tipografica Novepunti (OT9pt) in 2009 i Milano. Is é misean OT9pt ceird agus cultúr na clódóireachta sa chló in-aistrithe a chosaint, a chaomhnú agus a scaipeadh le cur chuige úrnua. Tháinig an cló in-aistrithe agus an t-innealra clódóireachta atá ann slán ó shean-cheardlanna litirphreasa, agus is gá am agus dua a chaitheamh air chun caoi a choimeád air. Anuas ar cheardlanna nua ealaíne a dhearadh do scoileanna agus do theaghlaigh ar son chumann OT9pt, oibríonn Maria mar mhúinteoir ealaíne agus dearaidh ghrafaice. I measc na gceardlann atá deartha le deireanas ag OT9pt, tá ceardlanna clódóireachta deartha agus curtha ar fáil ag an gcumann don International Critical Consumers Expo “Do the Right Thing” (2015), “Caratteri in Maschera” ag an Triennale di Milano (2015), Letterpress Workers ag an Leoncavallo Social Centre in Milano (2014 and 2015), taispeántas ADI Design Index 2014 in Milano (2014) agus Udine (2013), Duais ADI Honourable Mention Compasso d’Oro (2014).

Tá ABiCiDi ar cheann de na tionscadail luath-óige is tábhachtaí dár chruthaigh Officina Tipografica Novepuntim, a bhunaigh Maria i 2014. Cuireann sé ceardlanna oideachasúla clódóireachta ar fáil do leanaí, agus oibríonn sé i réimsí na cumarsáide grafaí físe, priontáil ealaíne agus ceardaíochta ina n-úsáidtear cló in-aistrithe adhmaid, stampaí, preasanna, rollóirí agus dathanna. Tá Maria ag obair mar stiúrthóir ar ABiCiDi agus mar mhúinteoir stiúideo (atelierista) i láthair na huaire. Úsáideann ABiCiDi an cló in-aistrithe mar uirlis chruthaitheach le gur féidir le leanaí iad féin a chur in iúl agus a scileanna cumarsáide a neartú. Sna healaíona feidhmeacha, úsáideann Maria teicnící éagsúla ar nós clódóireacht litirphreasa le cló in-aistrithe, gearradh líonóile, clódóireacht ar pháipéar agus ar fhabraic orgánach, péinteáil ola agus tempera, líníocht peann luaidhe agus fioghuail, maisiú ealaíne fabraice (tuaradh, flocáil, éicea-chló, éici-phrintéireacht, fuáil), grianghrafadóireacht láimhe agus grianghrafadóireacht dhigiteach.

www.abiciditipografia.it